Please click 'confirm' if you want to add Construction Workers to your home screen, or 'cancel' otherwise.

An tionscadal

Tionscadal a ghlac an EFBWW (Cónaidhm Eorpach na nOibrithe Foirgníochta agus Adhmadóireachta) le tacaíocht airgeadais ón gCoimisiún Eorpach (DG EMPL) atá taobh thiar den suíomh Gréasáin seo.

Cén fáth ar cruthaíodh an suíomh gréasáin seo?

Is fíorthábhachtach san earnáil foirgníochta é an imirce ghearrthéarmach, oibrithe ar phostú go háirithe. Bíonn an fórsa oibre san earnáil seo de shíor ag bogadh, tá éileamh mór ar oibrithe oilte agus neamhoilte agus iomaíocht láidir idir cuideachtaí. Ach ní urramaítear i gcónaí an prionsabal “an pá céanna as an obair chéanna sa láthair oibre céanna”.

Cuideoidh an suíomh gréasáin le hoibrithe faisnéis ghonta so-rochtana a fháil maidir le cearta oibrithe san earnáil. Féadfaidh oibrithe dul i dteagmháil le Ceardchumainn ina dtír bhunaidh nó sa tír aíochta chun tacaíocht dhíreach a fháil.

Ar leibhéal Eorpach, baineann an tionscnamh seo le Treoir 204/67/CE lena dtugtar faoi deara an tábhacht a bhaineann le rochtain fheabhsaithe agus trédhearcacht ó thaobh téarmaí agus coinníollacha fostaíochta de laistigh de na Ballstáit AE d’fhonn cur i bhfeidhm ceart Treoir 97/71/CE a chinntiú agus cearta oibrithe ar phostú a chosaint.

Tá an fhaisnéis go léir ar fáil i ngach teanga oifigiúil den AE.