Please click 'confirm' if you want to add Construction Workers to your home screen, or 'cancel' otherwise.

Cláraigh le ceardchumann

Iarrachtaí leanúnacha agus troid na gCeardchumann i gcaitheamh na mblianta atá taobh thiar den chuid is mó de na cearta atá bainte amach ag oibrithe an lae inniu. Tá éachtaí móra bainte amach ag oibrithe. Ach níor cheart neamhiontas a dhéanamh de na héachtaí sin, bíonn siad faoi bhrú i gcónaí. Bíonn dúshláin nua romhainn gach lá; sin an fáth a bhfuil na Ceardchumainn níos tábhachtaí ná riamh.
Mar a deir an seanfhocal, ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Ag obair as láimh a chéile, is féidir linn difear a dhéanamh duit féin agus do do chomhghleacaithe.

Cad is féidir le Ceardchumann a dhéanamh duitse*:

  • tú a choinneáil ar an eolas agus do chearta mar oibrí a chosaint
  • cuidiú leat do phost a choinneáil agus pá cothrom níos airde a fháil
  • coinníollacha oibre sábháilte agus sláintiúla a chinntiú duit
  • ionadaíocht a dhéanamh ort roimh an bhfostóir agus margadh maith a fháil duit
  • tacaíocht agus cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil
  • oiliúint a chur ar fáil duit nó cuidiú le do riachtanais oiliúna
  • tacaíocht a thabhairt duit chun post a fháil
  • bí mar chuid de ghrúpa, ina bhfuiltear ag éisteacht leat
  • FAIGH ÉISTEACHT DO DO GHLÓR
  • ...

Tá neart an Cheardchumainn ag brath ar thiomantas a mball, TUSA a theastaíonn uainn:

  • bí páirteach
  • glac freagrachtaí
  • léirigh dlúthpháirtíocht
  • DÉAN BEART!!

Mar bhall de Cheardchumann, beidh tú mar chuid de phobal mór atá ag comhrac ar son cearta agus leas na n-oibrithe uile. Ní fhágfar i d’aonar thú riamh! OIBRÍMIS LE CHÉILE

Tá ceardchumann de dhíth ort! Agus tú féin de dhíth orainn!

CLÁRAIGH LE CEARDCHUMANN ANOIS!

Chun eolas a fháil, cliceáil ar an nasc anseo agus beidh duine dár mball sásta cabhrú leat.


*b’fhéidir nach ionann na seirbhísí i dtíortha éagsúla